2° An tUachtarán agus dhá Theach atá san Oireachtas: Teach Ionadóirí ar a dtugtar Dáil Éireann, agus Seanad ar a dtugtar Seanad Éireann.
2° The Oireachtas shall consist of the President and two Houses, viz.: a House of Representatives to be called Dáil Éireann and a Senate to be called Seanad Éireann.
B2
2 1° Bheirtear don Oireachtas amháin leis seo an t-aon chumhacht chun dlíthe a dhéanamh don Stát; níl cumhacht ag údarás reachtaíochta ar bith eile chun dlíthe a dhéanamh don Stát.
2 1° The sole and exclusive power of making laws for the State is hereby vested in the Oireachtas: no other legislative authority has power to make laws for the State.
C1
3 1° Tig leis an Oireachtas socrú a dhéanamh chun comhairlí feidhmeannais is gairme beatha, a ionadaíos ranna de shaol chomhdhaonnach agus de shaol gheilleagrach an phobail, a chur ar bun nó glacadh leo.
3 1° The Oireachtas may provide for the establishment or recognition of functional or vocational councils representing branches of the social and economic life of the people.
B2
4 1° Ní cead don Oireachtas aon dlí a achtú a bheadh ar aon chuma in aghaidh an Bhunreachta seo nó in aghaidh aon fhorála den Bhunreacht seo.
4 1° The Oireachtas shall not enact any law which is in any respect repugnant to this Constitution or any provision thereof.
B2
5 1° Ní cead don Oireachtas a rá gur sárú dlí gníomhartha nár shárú dlí iad le linn a ndéanta.
5 1° The Oireachtas shall not declare acts to be infringements of the law which were not so at the date of their commission.
C1